Margaíocht do na Fiontair Bheaga Turasóireachta
Tá clár páirtaimseartha á thairiscint ag Scoil Turasóireachta Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn do lucht gairmiúil an tionscail.
Agus 80% de na háirithintí déanta ar líne anois, tá gá níos mó ann ná mar a bhí riamh do Sholáthraithe Táirgí Turasóireachta le bheith in ann a dtáirgí agus seirbhísí a chur ar an margadh. Tá clár páirtaimseartha á thairiscint ag Scoil Turasóireachta Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn don lucht gairmiúil ar mian leo dul i mbun a ghníomhaíochtaí margaíochta nó feabhas a chur orthu.
Beidh an clár curtha ar fáil i gCampas na gCealla Beaga gach Céadaoin, 1 – 5 pm ar feadh 28 seachtaine, ag tosú Dé Céadaoin 29 Meán Fómhair. Beidh sé comhdhéanta de dhá mhodúl: An Mhargaíocht sa Timpeallacht Turasóireachta agus Cumarsáid Mhargaíochta agus an Cur Chun Cinn. Tá an clár arna pháirtchistiú ag Fáilte Éireann, a laghdaíonn an costas do na rannpháirtithe chuig €100.00.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an gcúrsa.
nó téigh i dteagmháil linn ag: Ciarán ó hAnnracháin, Ceannasaí na Roinne Staidéar Aíochta & Turasóireachta, 074 91 86603. .
Thu, 02 Dec 2010 11:04:00 GMT


