Seó Teicneolaíochta Ailtireachta Dheireadh na Bliana 2010
Seó Teicneolaíochta Ailtireachta Dheireadh na Bliana 2010 le hoscailt ag an Tánaiste.
Tabharfaidh an Tánaistea agus Aire Oideachais & Scileanna, Mary Coughlan, TD, cuairt ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn Dé hAoine, 4 Meitheamh, chun Seó Teicneolaíochta Ailtireachta Dheireadh na Bliana a oscailt. Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl ar 3.30 pm. ar an gcéad urlár de phríomhfhoirgneamh an champais. Is é atá i gceist le hobair na mac léinn atá ar taispeáint sna Stiúideonna Ailtireachta agus sa limistéar cóngarach dóibh ná buaicphointí na trí bliana de staidéar agus forbairt an disciplín. Tugann na mic léinn agus an fhoireann cuireadh dóibh siúd uile a bhfuil spéis acu sa Teicneolaíocht Ailtireachta chun teacht le chéile leo agus ceiliúradh a dhéanamh den chéad rang céime den Bhaitsiléir Eolaíochta sa Teicneolaíocht Ailtireachta in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Thu, 02 Dec 2010 11:57:00 GMT


