about-top.jpg

WiSAR Lab

Beidh Páipéar WiSAR Lab mar chuid de phríomhchomhdháil i dTaighde ar Bhraiteoirí Gan Sreang

WiSAR.jpg Glacadh le páipéar taighde de Fabio Di Franco, Innealtóir Taighde ag WiSAR Lab, chun é a fhoilsiú don IEEE WISES 2010, Ceardlann domhanda ar Réitigh Cliste i gCórais Leabaithe. Is é seo a dara páipéar ar ghlac foras idirnáisiúnta leis ón WiSAR Lab agus is éacht mór é seo don WiSAR Lab agus d’Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. An aidhm atá ag WiSAR Lab ná ionad barr feabhais i dteicneolaíocht líonra de bhraiteoirí gan sreang a chruthú san Iarthuaisceart.

Tá an páipéar dar teideal “An Saintréithiú Reatha do Líonraí Limistéir Choirp Gan Sreang de Chumhacht Ultrai-íseal” bunaithe ar obair a rinneadh sa WiSAR Lab ina ndéantar scrúdú ar úsáid braiteoirí gan sreang ar an gcorp trí úsáid a bhaint as an méid is lú cumhachta leictrí. Tá líon mór feidhmchlár a d’fhéadfadh a bheith ann do na Líonraí Limistéir Choirp Gan Sreang ar nós: monatóiracht phearsanta ar othair, ina mbeifí in ann cóireáil a chur ar dhaoine agus iad sa bhaile, cúnamh, spóirt nó siamsaíocht do dhaoine le míchumas. Leis an bpáipéar seo léirítear dearadh nua suntasach de chiorcad tomhais leictreonach le haghaidh sruthanna atá an-bheag agus forbairt bogearraí tacaíochta ar conas a bhaineann gléasanna braiteora gan sreang úsáid as cumhacht. Leis seo tá an fhéidearthacht do bhraiteoirí “corp cliste” céim amháin eile chun tosaigh.

Bhí ríméad ar Nick Timmons, Príomhthaighdeoir amháin de WiSAR Lab, “Leis an bpáipéar seo léirítear fiúntas na hoibre atá ar bun ag Fabio agus an fhoireann sa WiSAR Lab. Tá súil againn leis an obair a dhéanann siad go mbeidh tuilleadh foilseachán ann agus forbairt á déanamh ar ár dtaighde i gcomhar le hinstitiúidí agus cuideachtaí eile go náisiúnta agus sa réigiún Iarthuaiscirt.”

Lainseáladh an WiSAR Lab i mí na Bealtaine 2009 le maoiniú ó Chlár um Fheabhsú Taighde Fheidhmigh de Fiontraíocht Éireann agus tá sé lonnaithe san fhoirgneamh CoLab in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Croílár a thaighde ná ar líonraí limistéir choirp gan sreang; ceanglaíonn na líonraí seo d’ionchlannáin gan sreang nó de ghléasanna gan sreang atá ar an gcorp, le líonra seachtrach trí mhol a chuirtear ar an gcorp nó gar don chorp.

Déanann WiSAR iniúchadh ar raon teicneolaíochtaí Líonra Braiteoirí Gan Sreang agus tá taighde ar bun i bprótacail nua gan sreang chun tuilleadh feidhmiúlachta a chur ar fáil, agus níos lú leictreachais a úsáid ag an am céanna. Díríonn sé go háirithe ar na caighdeáin gan sreang atá ag teacht chun cinn d’fheidhmchláir bhraite mhíochaine agus neamh-mhíochaine gar do nó ar chorp an duine, ar nós an chaighdeáin Líonra Limistéir Choirp IEEE 802.15.6. Tá comhpháirtíochtaí láidre cruthaithe ag WiSAR Lab le hinstiúidí eile tríú leibhéal agus le cuideachtaí agus an taighde fiúntach seo ar bun aige.



Thu, 27 May 2010 08:19:00 BST

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht