about-top.jpg

An líon is mó riamh d’ócáidí carthanachta ag LYIT

Difir a dhéanamh - bailíonn mic léinn agus foireann LYIT breis agus €100,000 don charthanacht

Charity Events 1 Bhailigh mic léinn agus foireann LYIT suim ollmhór €100,000, trí réimse d’ócáidí samhailteacha carthanachta a eagrú le linn na bliana 2010. Ar an iomlán, bhí breis agus 20 ócáid ann d’iliomad carthanachtaí, sa bhaile agus thar lear. Dhíol mic léinn agus comhaltaí foirne ticéid crannchuir go fonnmhar, bhailigh siad bronntanais agus chum siad neart bealaí suimiúla chun airgead a dhéanamh ar nós laethanta peataireachta, ócáid Strictly Come Dancing, bearradh gruaige srl. Agus thug siad a gcuid ama agus tacaíochta do chuid de na pobail is mó faoi mhíbhuntáiste ar fud an domhain. Tharla sé seo ar fad i dtimpeallacht eacnamaíoch an-dian, rud is mór an chlú dá gcruthaitheacht agus do fhlaithiúlacht mhuintir Dhún na nGall.

Mar shampla, bhailigh 9 mac léinn €1,800 an duine agus thaisteal siad chun obair i ndíleachtlanna éagsúla don Belarussian Orphanage Project. Bhailigh na mic léinn agus comhaltaí foirne Gaisce €5,000 a cuireadh chuig an togra Garden of Eden sa Téalainn. Mar thoradh ar an gcorraíl shibhialta i mBangkok níor éirigh leis na mic léinn taisteal chun na Téalainne. Mar sin féin, tá pleananna ar bun chun obair ar an togra i 2011.

Charity Events 2 Ní raibh faitíos ar chomhaltaí foirne páirt a ghlacadh, ach an oiread. D’eagraigh Maureen O’Neill agus a cuid oibrithe Lá na Lus agus Lá an Ribín Bándearg agus bhailigh siad breis agus €3,500 do Chumann Ailse na hÉireann agus Action Breast Cancer. Rinne an Dr Lynn Ramsey agus Caroline Sweeney ‘mothú go maith’ agus ‘maitheas a dhéanamh’ a mheascadh trí Páirtí Peataireachta a eagrú a bhailigh €3,600 don Aonad Chúram Brollaigh in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn. Bhearr Ken Brown a chloigeann do Chumann Ailse na hÉireann, rud a bhailigh €1,500. Bhí Shane McGuinness buíoch as an €1,802 do Chiste Taighde Duáin Bhaile Phúinse a bhailigh sé nuair a ghlac sé páirt i Rás Carthanachta Bhaile Phúinse.

Tá an tUachtarán, Paul Hannigan, an-tógtha lena bhfuil bainte amach, “I gcónaí riamh bhí spiorad an-láidir carthanachta ar an gcampas agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a rinne an-iarracht na hócáidí seo a eagrú. Tá an bhliain seo thar cinn, bhí smaointe an-chliste ag na mic léinn agus na comhaltaí foirne agus chaith siad a gcuid ama féin chun airgead a bhailiú d’iliomad cúiseanna maithe. Molaim go hard na spéire iad.”

Seo a leanas cuid de na carthanachtaí a fuair cuidiú: Fiobróis Chisteach, Cumann Croí na hÉireann, Ospís Dhún na nGall, Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn, Haven Building Appeal for Haiti, Habitat for Humanity (féach alt ar leith ar an turas go Malawi), Seirbhís Dhún na nGall um Fhoréigean Teaghlaigh ar Mhná (féach an t-alt ar Strictly Come Dancing), Aware agus Living Links (féach an t-alt ar an Rothaíocht ó Champas go Campas), Belarussian Orphanage Project, togra Garden of Eden sa Téalainn, Aonad Chúram Brollaigh in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, Cumann Ailse na hÉireann, Action Breast Cancer agus Chiste Taighde Duáin Bhaile Phúinse.



Thu, 07 Apr 2011 14:31:00 BST

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht