about-top.jpg

Bailítear €8,040 ar an Rothaíocht ó Champas go Campas

Rothaíocht urraithe ag foireann, mic léinn agus cairde LYIT Dé Sathairn an 12 Meitheamh 2010.

Campus to Campus Cycle 2010 Ghlac breis agus céad de chomhalta foirne, mic léinn agus cairde LYIT páirt sa rothaíocht urraithe 85 km ó champas Scoil na Turasóireachta sna Cealla Beaga go campas Leitir Ceanainn ar an 12 Meitheamh 2010. Bhailigh an ócáid suim ollmhór €8,040 do dhá charthanacht áitiúil - Aware a chuidíonn leis an troid i gcoinne an dúlagair, agus Living Links Donegal a thugann tacaíocht do dhaoine a chaill gaol le féinmharú. Tugtar suntas ar leith d’iarrachtaí Tommy Doherty (campas na Cealla Beaga) ar breis agus €900 a bhailiú.

Neart de na daoine a ghlac páirt, ní raibh an rothaíocht acu ach le déanaí, ach fós d’éirigh leo an cúrsa a chríochnú. D’ainneoin seo, bhí neart cur agus cúiteamh ar an turas, cé go raibh neart pianta sna cosa agus sna tóineanna an lá dar gcionn!

Campus to Campus Cycle 2010 Ghabh Una Cronin, duine d’eagraithe na hócáide, buíochas le gach duine as a gcuid iarrachtaí, “Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a bhronn airgead agus, ar ndóigh, leis na rothaithe ar fad a ghlac páirt. Déanann na carthanachtaí seo obair chomh maith sin, bhí áthas orainn tacú leo. Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn cheana féin.”



Thu, 07 Apr 2011 14:13:00 BST

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht