about-top.jpg

Airgead a Thiomsú d’Ospís na gCealla Beaga

Reáchtálann Mic Léinn Cócaireachta Lón den Scoth don Ospís

Tourism Lunch for HospiceReáchtáil mic léinn cócaireachta ag Scoil Turasóireachta Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn lón an-bhlasta ar 11 agus 12 Bealtaine 2010 chun airgead a thiomsú d’Ospís na gCealla Beaga. Mar chuid den staidéar a rinne siad ar an gcúrsa Cócaireachta Lántumtha, éilítear ar dhá ghrúpa mac léinn bialann a reáchtáil i ‘bhfíorshuíomh’ agus i mbliana socraíodh leas a bhaint as an ócáid chun airgead a thiomsú d’Ospís na gCealla Beaga. Ag caint faoin ócáid mhínigh mac léinn amháin, Jim Farren, “Ba dheis iontach é dúinn chun foghlaim a dhéanamh, agus ag an am céanna airgead atá de dhíth go mór a thiomsú do chúis an-tábhachtach anseo sna Cealla Beaga.”

Is dianchlár Cócaire naoi mí é an Cúrsa Cócaireachta Lántumtha ina bhfuil na mic léinn rannpháirteach le cúpla mí anuas. “Rinneamar bolscaireacht don lón agus rinneamar dianmhachnamh agus an-iarracht leis an mbéile a ullmhú, a chócaráil agus a sheirbheáil. Bhaineamar an-taitneamh as agus ba bhealach maith é chun foghlaim a dhéanamh. Ba dheis luachmhar é dúinn chun eolas tábhachtach a fháil ar a bhfuil i gceist lenár mbialann féin a oscailt,” a dúirt Jim Farren freisin.

Roinneadh gach rang de cheithre mhac léinn déag in dhá fhoireann de sheachtar don ócáid lóin le hairgead a thiomsú. Phleanáil, d’ullmhaigh agus d’oscail na foirne an bhialann do shlua agus é an-ghnóthach ag am lóin. Bhí orthu machnamh a dhéanamh ar a gcoincheap bialainne, ar nós; dearadh a bhiachláir, costáil, forfheidhmiú, agus ullmhú an bhéile. Go deimhin, gach rud a mbeadh ar úinéir bialainne ar bith a dhéanamh chun dul i mbun fiontair nua. Ghlac na mic léinn freagracht as reáchtáil rathúil na hócáide uile faoi threoir a dteagascóirí.

Bhí Ann Hanlon, atá mar bhall den dara grúpa an-sásta leis an gcaoi ar éirigh leis an ócáid, “Táimid chomh sásta sin gur fhreastail líon mór daoine ar an lón agus bhí siad ionadaíoch don airgead atá de dhíth go mór don Ospís. Bhí ríméad orainn gur tháinig Noel Cunningham freisin, duine cáiliúil go náisiúnta.”

Thréaslaigh Deirdre McCole, Ceannasaí ar Ghastranómachas agus Ealaíona Cócaireachta i Scoil na Turasóireachta, leis na mic léinn, “Táimid fíorbhróidiúil as na lóin den scoth a sheirbheáil na mic léinn agus as an smaoineamh a bhí acu chun leas a bhaint as an ócáid le cúnamh a thabhairt d’Ospís na gCealla Beaga. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh do gach duine ar an lá a bhí chomh rathúil sin.”



Thu, 02 Dec 2010 11:51:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht