about-top.jpg

Céimithe Dearaidh ón LYIT ar thús Cadhnaíochta

Tá Céimithe Dearaidh ón LYIT ag tabhú clú dóibh féin sna tionscail chruthaitheacha.

Tá Céimithe Dearaidh ón LYIT ag fágáil a marc ar thionscail chruthaitheach, anseo in Éirinn agus thar lear chomh maith. Tá ráta ard rathúlachta ag an choláiste i dtaca le céimithe ag saothrú agus ag leanúint dá gcuid staidéir i ngach cearn den domhan, ag buachan duaiseanna agus, gan aon dabht, ag déanamh go hiontach maith dóibh féin.

Glac Marcos Dias mar shampla: céimí sa Dearadh agus na Meáin Chruthaitheach sa bhliain 2008; b’eisean an chéad chéimí riamh ar bronnadh gradam air i gColáiste na Tríonóide as ucht a Chéim Máistreachta sna Meáin Chruthaitheacha Idirghníomhacha. Bhí sé rannpháirteach fosta sa togra iomráiteach, Designing Dublin, www.design21c.com, agus beidh sé ag dul i mbun Céim Dochtúireachta i mbliana.

Agus leanann na buaiceanna: tá Dan McMenaman, céimí sna Meáin Dhigiteacha, ag obair ar ‘The Covies’, an chéad sobalchlár ar-líne in Éirinn. Chruthaigh an sobalchlár seo, a seoladh i mbliana, agus ina bhfuil imeartas focal fá shaol na tuaithe, thar a bheith tarraingteach don phobal. Bhí Dan i mbun na fuaime agus an steadicam agus rinne sé scannánú ar chuid de na heipeasóidí. Thug sé céimí eile ón LYIT, a chomhghleacaí Rónan, isteach leis chun forbairt a dhéanamh ar an mhaisíocht físe agus ar an suíomh gréasáin don sobalchlár.

Ansin tá Owen Gallagher ann, fear a bhfuil gairm bheatha domhanda faoina ascaill, ag obair le dearadh i mBaile Átha Cliath agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá sula dtáinig sé ar ais go hÉirinn le Céim Máistreachta a chur i gcrích in Ollscoil Uladh. Bhunaigh sé TotalRecut.com, pobal ar-líne do líonrú sóisialta faoi choinne lucht leanta agus cruthaitheoirí d’athmheascadh, athghearradh agus cumaisc fístéipe agus a spreagann comhoibriú ar-líne. Bronnadh ‘Séala Cáilíochta’ ar TotalRecut sna Europrix Multimedia Awards sa bhliain 2008, agus bhí sé ar ghearrliosta do roinnt dámhachtainí cáiliúla eile, ina measc na Golden Spiders Awards. Le gairid, bhunaigh sé Our Writers Bloc Ltd, a sholáthraíonn saor in aisce íoslódáil de litríocht chomhaimseartha atá deartha le bheith léite ar ghléasanna léitheoireachta soghluaiste, macasamhail Amazon Kindle, Sony Reader agus Apple iPad. Bhí an gnó seo sa bhabhta deiridh den chomórtas iQPrize, 2009, do thionscnamh gnó.

Tá Ahmad Fakhry, céimí de chuid LYIT i nDearadh Táirge agus buaiteoir Dhámhachtain Derek Hill, 2009, ag obair san am i láthair ar a chéim Máistreachta san NCAD. Ar na mallaibh, bhuaigh Ahmad duais eile san NCAD ar son a shaothar dheartha agus ofráladh socrúchán oibre dó in Ollscoil iomráiteach Aarhus sa Danmhairg.

Ar ndóigh, tá Nollaig Crombie, Ceann na Roinne Dearaidh & Na Meáin Chruthaitheacha, thar a bheith bródúil astu, “Tá a gcuid rathúlachta mar chruthúnas ar cháilíocht, ar dhíograis agus ar éirim na gcéimithe ón Roinn Dearaidh & na Meáin Digiteacha san LYIT. Ní hionadh ar bith domsa go bhfuil duaiseanna buaite ag mórán acu agus go bhfuil aitheantas bainte amach acu ina ngairmeacha beatha acadúla agus tráchtála. Tréaslaím leo. Tá áthas an domhain orm go bhfanann ár gcuid céimithe i dteagmháil linn agus go gcoinníonn siad ar an eolas muid faoin obair atá ar siúl acu. Is foinse mhór bróid a leithéid dúinne anseo san LYIT agus is cúis inspreagtha é fosta do na mic léinn atá againn i láthair na huaire.”

Is féidir leat breathnú ar shaothar ón Roinn Dearaidh agus Na Meáin Chruthaitheacha ag an suíomh www.designlyit.com.



Wed, 05 May 2010 10:38:00 BST

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht