about-top.jpg

Tugann an tAire Sláinte & Leanaí cuairt ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

Tugann Mary Harney TD ómós do Florence Nightingale ag ‘Feasacht Sláinte na Mac Léinn’ in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Mary Harney visit_1Thug an tAire Sláinte & Leanaí, Mary Harney TD, cuairt ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ar 19 Aibreán 2010 chun an feachtas ‘Feasacht Sláinte na Mac Léinn’ a lainseáil go hoifigiúil. Is iad na hábhair altraí a chuir an feachtas le chéile chun an 150 bliain ó foilsíodh nótaí Florence Nightingale ar an Altranas a chomóradh. An aidhm leis na laethanta ‘Feasacht Sláinte’ ba ea eolas a chur ar fáil ar shaincheisteanna reatha ar nós Sláinte agus Folláine, Feasacht Meabhairshláinte, Feasacht Sláinte Ghnéis agus Iompraíochtaí Stíleanna Maireachtála (mí-úsáid drugaí agus alcóil /andúil i ndrugaí agus alcól). Reáchtáil ábhair altraí Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn seisiúin feasachta sláinte dhá lá ar fud an choláiste a bhí go hiomlán ró-shuibscríofa.

 

Mary Harney visit_2Dúirt an Dr. Maura Pidgeon, Ceannasaí na Roinne Altranais & Staidéar Sláinte ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, “Bhí na mic léinn ag iarraidh an ócáid do Florence Nightingale a chomóradh ar bhealach a bhí praiticiúil agus taitneamhach trí dheis a thabhairt do phobal na mac léinn i gcoitinne a bheith rannpháirteach. D’éirigh thar cionn leis trína dhéanamh an bealach seo agus cuireadh an-iarracht isteach ann. Bhí ríméad orainn gur tháinig an tAire anseo chun an lá a chomóradh agus ceapaim go raibh sí an-tógtha lena n-eolas agus a ndíograis.”



Thu, 02 Dec 2010 10:59:00 GMT

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht