about-top.jpg

Cha, Cha, Cha don Charthanacht

'Strictly Come Dancing' chun cabhrú le Seirbhís Dhún na nGall um Fhoréigean Teaghlaigh ar Mhná

Strictly Come Dancing_1 D’éirigh thar cinn leis an ócáid Strictly Come Dancing i mí Bealtaine na bliana seo chuaigh thart. Bhí slua mór i láthair chun amharc ar na páirtithe agus iad ag taispeáint válsaí, rumba, jeighbh agus samba agus bailíodh breis agus €14,000 do Sheirbhís Dhún na nGall um Fhoréigean Teaghlaigh ar Mhná (DWDVS). Ócáid an-siamsúil a bhí ann le 9 bpéire ar an urlár chun a gcuid scileanna a thaispeáint. Bhí na huaireanta fada caite acu ag ullmhú don oíche, ag foghlaim agus ag cleachtadh céimeanna agus damhsaí, agus súil acu uilig ar an gcéad duais. Bhí liathróidí geala, óstach, banna ceoil beo agus lucht féachana ann, agus cuireadh seó iontach i láthair. Ach sa deireadh thair thall bhain Eamonn Ferry agus Patricia McGlynn an chéad áit lena scil iontach.

Is í an Dr Lynn Ramsey, Ceann na Roinne Dlí agus Daonnachtaí in LYIT, a d’eagraigh an comórtas agus ghlac sí féin páirt ann fosta, agus bhí an-áthas uirthi, “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a chuidigh leis an gcomórtas a eagrú, iad siúd a ghlac páirt agus ar ndóigh na daoine a tháinig chun tacú linn. Oíche iontach a bhí ann. Cuireann an DWDVS seirbhís den scoth ar fáil dóibh siúd atá á lorg ar fud Dhún na nGall agus is carthanacht den scoth í. Cá bhfios - gach seans go mbeimid ag iarraidh ar dhaoine a mbróga rince a bheith ullamh acu arís do 2011.”

Strictly Come Dancing_2Seo a leanas na péirí a bhí páirteach –

Eamonn Ferry & Patricia McGlynn
John Elliott & Teresa Clerkin
Seamus Gallagher & Lynn Ramsey
Karl Mc Nulty & Carole Leonard
Michael Margey & Fiona Doherty
Simon Morrison & Michelle Mc Colgan
George Onofrei & Edel Griffin
Craig Veitch & Mathilde Bourcier
Jackie Tolland & her partner.



Wed, 05 May 2010 10:34:00 BST

Nuacht & Imeachtaí

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht