Méadú i líon na nIarratas CAO ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Tá líon na bhfigiúirí d’Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn méadaithe faoi 11% ar an iomlán, agus ardú suntasach do na cúrsaí Céime Onóracha
Tá na figiúirí CAO is déanaí eisithe ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn a léiríonn go bhfuil líon na ndaoine atá ag déanamh iarratais ar an gcoláiste méadaithe faoi 11% ó fhigiúirí 2009. Bhí ardú san éileamh do na cúrsaí Céime Onóracha go háirithe, suas faoi 14% ón mbliain seo caite.
Cé gurb as Dún na nGall an chuid is mó de na hiarratasóirí bhí méadú freisin ar leathadh tíreolaíochta na n-iontrálacha ó thíortha eile. Leanann Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ag mealladh na mac léinn lánfhásta agus iad siúd ar mian leo athoiliúint a fháil. “Cé go léirítear an treocht atá ann ar an iomlán leis na figiúirí seo chun dul i mbun oideachais, tá áthas orainn freisin an t-ardú sna hiarratais le haghaidh na gcúrsaí Céime Onóracha a thugamar isteach le déanaí a fheiceáil. Leanfaimid le cúrsaí a thairiscint ina mbeidh fostaíocht ar fáil sna tionscail atá ag teacht chun cinn ar nós an chúrsa Theicneora d’fhuinneamh Gaoithe a chuireamar ar bun le déanaí. Leanfaimid ag díriú ar chúrsaí ardchaighdeáin a chur ar fáil atá nasctha leis na héilimh tionscail,” a dúirt Paul Hannigan, Uachtarán, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Thu, 02 Dec 2010 11:29:00 GMT


