‘Lá na Gaeilge’ san LyIT
Déanann an LYIT ceiliúradh ar ‘Seachtain na Gaeilge’ le ceol, amhránaíocht agus filíocht.
Reáchtáil Institiúid Teicneolaíocht Leitir Ceanainn a dara ‘Lá na Gaeilge’ bliantiúil Dé Máirt mar a cionroinnt do ‘Seachtain na Gaeilge’. Bhí gníomhaíochtaí le téamaí Gaeilge agus Gaelacha ar siúl ar feadh an lae. Bhí baill foirne agus mic léinn rannpháirteach san ócáid agus bhain siad úsáid as a ‘gcúpla focal’.
I rith an lae, bhí deasc faisnéise ar fáil ar mhaithe le deis a thabhairt do mhic léinn eolas a fháil fá chúrsaí Gaeilge agus fá acmhainní foghlama agus seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Ag am lóin, sheinn daltaí ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn ceol spleodrach traidisiúnta do na mic léinn. Agus thaitin na milseáin Emeralds, a thug Oatfields dúinn faoi chroí mhór mhaith, le gach uile dhuine!
Oíche mheidhreach a bhí san ‘Oíche Ghaelach’ sa Dánlann ina dhiaidh sin, le ceol traidisiúnta, filíocht agus damhsa. Chuir Pat Campbell (Méarchláir), Michael Carey (Feadóga), Finbar Rafferty (Maindilín/Mandóla), Jordan Patton (Bainseó), Bernard Kelly (Bosca Ceoil), Brian Duffy (Bodhrán), Paul Sweeney (Cláirseach) agus Rachel Akkoç (Gutha), chuir siad an lucht éisteachta faoi dhraíocht lena gcuid ceoil thraidisiúnta. Bhí Caoimhe agus Ruairí Ó Laifeartaigh, buaiteoirí Réalt Uladh ar na mallaibh, ansin fosta agus mheall siad an lucht éisteachta le dornán filíochta i nGaeilge. Thug damhsóirí ó Scoil Rince McCaul, lena gcuid jigeanna agus ríleanna iontacha, pléisiúir as cuimse don mhuintir a bhí i láthair, agus spreag Donal McMenamin rannpháirtíocht an lucht éisteacha ina chuid amhráin Ghaeilge a bhí ar eolas ag cách.
Ba mhaith leis an LYIT a buíochas a chur in iúl do gach uile dhuine a chuidigh le ‘Lá na Gaeilge’ a dhéanamh chomh maith sin.
Mon, 09 May 2011 08:55:00 BST


