Scoláireachtaí Spóirt 2010
Scoláieachtaí Spóirt bronnta ar 14 mac léinn san LYIT ar an 15 Feabhra 2010.
Bhronn Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, ceithre scoláireacht dhéag ar mhic léinn a rinne éachtaí ina rogha spóirt, ar an Luan, 15 Feabhra 2010.
Thug an tUasal Hannigan buíochas do na mic léinn go léir a bhí i láthair as ucht a gcuid iarrachtaí fiúntacha spóirt agus bliain rathúil eile. D’admhaigh sé go raibh an cumann sacair ag coinneáil a gcuid féin agus iad ag iomaíocht leis na coláistí móra. Ghuigh sé gach rath ar an Chumann Lúthchleas Gael ina gcluiche leathcheannais sa Trench Cup, agus thréaslaigh sé fosta le hiomaitheoirí aonair, leithéidí Pól Ó Dúlaoich, dornálaí ag leibhéal idirmheánach atá ag teacht i dtreis, agus Avril Nic Con Midhe a bhfuil ag éirí go maith léi sna Comórtais Náisiúnta i Liathróid Láimhe. Dúirt an tUachtarán go mbíonn sé ag tnúth le hócáid na scoláireachtaí spóirt gach bliain siocair go dtarraingítear aird ar na buaicphointí i gcúrsaí spóirt na hInstitiúide. Ghuigh sé gach rath ar Patsy McGonagle i mbainistiú Foireann Lúthchleasaíochta na hÉireann don séasúr amach romhainn agus thréaslaigh sé fosta le hUachtarán Aontas na Mac Léinn, Breeda McGoldrick, as ucht a díchill ar son an Aontais le bliain anuas.
Bronnadh na scoláireachtaí orthu seo a leanas –
• Paddy Ó Cnáimhsí (Céideadh): Sacar
• Ó Duacháin (Gort an Choirce): Sacar
• Pól Ó Dúlaoich (Bealach Féich): Dornálaíocht
• Kevin Ó Dearáin (Conmhaigh): Rugbaí
• Sinéad Ní Mhaoltuile (Gallach, Co na Gaillimhe): Peil Ghaelach
• Darragh Ó Gallchóir (Na Gleanntaí): Peil Ghaelach
• Ryisa Nic Giolla Easpaig (Leitir Ceanainn): Cispheil
• Chantelle Nig Raighne (Leitir Ceanainn): Sacar na mBan
• Gareth Ó hEarcáin (Leitir Ceanainn): Sacar
• Oisín McMenamin (Baile Nua Uí Chuinneagáin): Sacar
• Avril Nic Con Midhe (Bealach Féich): Liathróid Laimhe
• Danny Mac Murchaidh (Bun an Phobail): Peil Ghaelach
• Ian Mac an Bhaird (Caisleán na Finne): Lúthchleasaíocht
• Aidan Mac Uilcín (Leitir Ceanainn): Cispheil.
Bhí siad seo a leanas i measc na ndaoine a bhí i láthair: Declan O’Carroll, iar-réalt de Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall; Terry Leyden, Rúnaí Smachta, Sraith Peile Dhún na nGall; Dessie Kelly, Rúnaí Chumann Peile Uladh; Michael Murphy, Oifigeach Forbartha Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGael; Shane O’Neill, Cóitséalaí Forbartha Rugbaí Uladh; Myles Gallagher, Láithreoir Spóirt le Raidió Highland; Kenny Harkin, Raidió Highland; agus Paul Callaghan, Oifigeach Forbartha Iománaíochta Chontae Dhún na nGall.
Mar chríoch ar an ócáid, thug Paddy Gallagher, Oifigeach na Mac Léinn, buíochas do na mic léinn a bhí láthair agus do thuismitheoirí na mbuaiteoirí scoláireachtaí, cuid acu a thaisteal píosa fada le bheith i láthair don ócáid sa CoLab in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Grianghrafanna le Conor McGonagle ón Donegal Democrat.
Mon, 22 Feb 2010 09:43:00 GMT


