BlueBrick.ie
Cuireann BlueBrick.ie rochtain lárnach ar fáil chuig modúil chreidiúnaithe a sholáthraíonn institiúidí acadúla na hÉireann.
Is mórthionscnamh foghlama solúbtha úrnua é BlueBrick.ie a chuireann rochtain éasca ar fáil chuig corradh le 350 modúl agus cúrsa in 14 Institiúid Teicneolaíochta. A bhuí don tairseach BlueBrick.ie, tig le foghlaimeoirí de gach aois agus éirime cuardach, comparáid agus iarratas a dhéanamh ar chláracha gairmdhírithe atá in oiriúint do na riachtanais atá acu féin. Tá sé mar aidhm ag na hInstitiúidí rochtain a chur ar fáil do suas le 19,000 mac léinn páirtaimseartha, uimhir a léiríonn méadú de chóir a bheith 50% ar an 13,000 mac léinn atá ag staidéar go páirtaimseartha sna hInstitiúidí i láthair na huaire.
Tá BlueBrick.ie deartha thart ar thrí chroí-ghné – cuardach, comparáid, iarratas. Go hiondúil, baineann daoine úsáid as BlueBrick.ie chun cuardach a dhéanamh ar chúrsaí a bhfuil spéis acu iontu; ansin déanann siad athbhreithniú agus cuireann siad na cúrsaí i gcomparáid le chéile; sa deireadh thiar thall, má tá siad sásta lena rogha, tig leo iarratas a dhéanamh ar-líne trí BlueBrick.ie.
Cuardach
Ón tús, rinneadh an comhéadan cuardaigh a dhearadh le bheith chomh héasca agus ab fhéidir don úsáideoir; is féidir le foghlaimeoirí iomlán na gcúrsaí sa bhunachar sonraí a churdach trína bhfiosrúchán a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh ar an leathanach baile. Tá rogha ann fosta do chuardach casta a ligeann don úsáideoir tuilleadh critéir cuardaigh a lua, macasamhail ainm institiúide, modh seachadta agus réimse acadúil.
Comparáid
Le linn do dhuine a bheith ag cuardach, tig leis/léi rud a bhfuil spéis acu ann a shábháil ina gcuntas agus athbhreithniú a dhéanamh air níos moille. Lena chois sin, is féidir leis an úsáideoir dhá mhír foghlama a chur i gcomparáid le chéile taobh le taobh. Cuireann an ghné seo ar chumas úsáideoirí comparáid ghasta agus éasca a dhéanamh idir mhíreanna foghlama, bunaithe ar an eolas tugtha ag na hinstitiúidí atá ag tairiscint na gcúrsaí, mar shampla ábhair na gcúrsaí, modh seachadta, fad ama nó costas.
Iarratas
Cuireann inneall na n-iarratas i mBlueBrick.ie ar chumas an úsáideora cur isteach ar aon chúrsa atá liostaithe ar an suíomh gréasáin a bhuíochas de chomhéadan amháin. Ta gné eile an-úsáideach ann fosta: chomh luath is a chuireann úsáideoirí iarratas isteach, tig linn an t-eolas sin a shábháil dóibh agus dar mhian leo cur isteach ar chúrsa eile lá níos faide anonn, déantar an fhoirm iarratais a uasghrádú go huathoibríoch ón eolas atá sábháilte cheana féin.
Moltaí fá Chúrsaí
Ceann eile de chuid gnéithe suntasacha BlueBrick.ie is ea an córas molta cúrsa. Ligeann an córas seo do BlueBrick.ie moltaí a ghintear go huathoibríoch fá chúrsaí a bheadh fóirsteanach dá riachtanas a chur in iúl d’úsáideoirí. Gintear na moltaí seo fá chúrsaí trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí éagsúla a fhaightear as an bhosca uirlisí séimeantach, macasamhail Próiseáil i dTeanga Nádúrtha, Innéascú Folaigh Séimeantach agus rangú pobail ar chúrsaí. Tá BlueBrick.ie in inmhe cúrsaí a rangú go huathoibríoch, bunaithe ar stair oideachais agus fostaíochta na n-úsáideoirí a chuireann isteach ar chúrsaí liostaithe i mbunachar sonraí BlueBrick.ie nó a léiríonn spéis iontu. Ansin, úsáideann BlueBrick.ie an rangú pobail seo ar mhaithe le torthaí cuardaigh agus moltaí a chur ar fáil d’úsáideoirí eile.
NASCANNA ÚSÁIDEACHA:
Thu, 10 Dec 2009 12:04:00 GMT


