about-top-thin

Geatabhealaí

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é an tAcht seo an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge.

Cuspóir an Achta

Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar "scéim" a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. Leagtar síos san Acht gur féidir leis an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chuig chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo dréacht-scéim teanga a ullmhú. Fanfaidh na scéimeanna i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil.
Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, srl.
Updated: Thu, 18 Jun 2009 17:22:49 BST

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht