about-top-full-width.jpg

Eolas Fúinn

Fáilte chuig Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

Paul Hannigan
Le dornán blianta anuas, chuaigh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ó neart go neart. Tharla sé seo mar gheall ar fhairsingiú pleanáilte ar roinnt tosaíochtaí, rud a chiallaigh go rabhthas in inmhe 1000 mac léinn breise a earcú sna cúig bliana deireanacha, go ndearnadh leathnú ar réimse agus éagsúlacht na gclár acadúil, go ndearnadh imeascadh ar Scoil Turasóireachta na gCealla Beaga, go bhfuiltear ag leanúint d’fhorbairtí infreastruchtúrtha agus ag iniúchadh comhaontais straitéiseacha ar mhaithe le tacú le mianta na hinstitiúide.
Tá rath leanúnach na hInstitiúide bunaithe ar chlú agus cháil ár gcuid céimithe maraon leis an eispéireas a chruthaíonn ár mball foirne díograiseach.
Anseo san LYIT, tá ardmhianta againn dár dtodhchaí féin agus cuirimid fáilte romhaibhse, mar pháirtithe leasmhara na hInstitiúide, agus tugaimid cuireadh daoibh a bheith linn ar an aistear seo agus muid ag tarraingt ar cheiliúradh 40 bliain ár mbunaithe.
Paul Hannigan
Uachtarán
Updated: Thu, 11 Mar 2010 15:53:31 GMT

Eolas Fúinn

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht