about-top.jpg

Eolas Fúinn

Saoráil Faisnéise

Ar an Luan, 22 Deireadh Fómhair, 2001, rinne an tAire Airgeadais rialúcháin a achtú i gcomhair leathnú a dhéanamh ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, go dtí na hInstitiúidí Teicneolaíochta. Tá na Rialúcháin sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2001.

Ceart ag duine ar bith ón phobal fáil a bheith acu ar thaifid. Ceart ag duine ar bith ón phobal taifid ina bhfuil eolas pearsanta a bhaineann leo féin a leasú nó a cheartú. Ceart ag páirtithe leasmhara rochtain a bheith acu ar chúiseanna le cinntí.

Go ginearálta, tá baill den phobal i dteideal eolas oifigiúil a fháil ón Institiúid ar choinníoll nach bhfuil sé i gcoinne leas an phobail agus ceart príobáideachais an duine aonair.

Caithfear iarratais ar fhaisnéis a chur i scríbhinn chuig:
Geraldine O'Donnell
An Oifig Saorála Faisnéise
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Bóthar an Chalaidh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
(t) +35374 9186042
foi@lyit.ie

Updated: Wed, 13 Jan 2010 12:01:52 GMT