About

Eolas Fúinn

Failte Go LYIT

Is institiúid tríú leibhéal í Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn a fhreastalaíonn ar Dhún na nGall agus ar Iarthuaisceart na hÉireann. Bronnann an Institiúid Ardteastais, Céimeanna Baitsiléara agus Céimeanna Onóracha i nGnó, Ríomhaireacht, Dearadh, Innealtóireacht, Altracht agus Eolaíocht. Lena chois sin, ofrálann an Institiúid teagasc agus taighde go leibhéal Céim Máistreachta.

Tá an LYIT ina coláiste fuinniúil gríosaitheach a mheallann meascán cruthaitheach de thuairim is 3,000 mac léinn ón cheantar áitiúil agus ó 31 tír eile. Ciallaíonn sé sin go bhfuil réimse bríomhar cultúr agus gníomhaíochtaí ar an champas agus cruthaíonn sé atmaisféar cairdiúil, cuidiúil atá saor ó strus agus ina gcomhoibríonn mic léinn agus ball foirne le chéile.

Tá ár gcuid campas nua-aimseartha imeasctha i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga ina spreagadh d’fhoghlaim éifeachtach acadúil agus do thaithí phraiticiúil atá dírithe ar ghairmeacha beatha. Tá áiseanna iontach maith againn i ngach uile rannán, leithéidí stiúideonna do dhearadh grafach, na háiseanna altrachta is nua-aimseartha, saotharlanna sainchuspóireacha, cistineacha traenála agus bialann, chomh maith le hIonad Forbartha Gnó ar an champas, Colab, a thugann tacaíocht d’fiontair seachthairbhe. Inár n-ionad ilchuspóireach, An Dánlann, tá sár-áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire le cois ár n-ionad leighis, seirbhís chomhairleoireachta, oifig na ngairmeacha beatha agus séiplíneachtaí.

Táimid thar a bheith tiomanta do na daoine inár réigiún. Is cuid dár mbunchuspóir cuidiú ionchais eacnamaíocha na ndaoine óga a bhíonn ag staidéar linn a ardú agus ar an dóigh sin cuidiú le rathúnas na bpobal níos leitheadaí a mbeidh na céimithe óga seo mar pháirt dóibh. Chuige sin, déantar an t-eolas is nua-aimseartha agus na scileanna atá a lorg ag fostóirí a theagasc i ngach uile chúrsa atá ar tairiscint againn. Mar pháirt de sin, tá baint againn le mórán clár trasteorann agus san am i láthair táimid ag cothú comhaontas straitéiseach le hOllscoil Uladh.

Tá siad seo a leanas i measc an réimse staidéir atá ar fáil san LYIT: -

  • Staidéir Ghnó
  • Bainistíocht Riaracháin
  • Forbairt Spóirt & Oiliúnú
  • Dlí
  • Teangacha & Gnó Idirnáisiúnta
  • Na Meáin Dhigiteacha
  • Dearadh Grafach
  • Fáilteachas & Turasóireacht
  • Ealaíona Cócaireachta
  • Dearadh Córas Leabaithe
  • Innealtóireacht Mheicniúil
  • Ríomhaireacht Fheidhmeach
  • Líonrú i gCumarsáid Mhóibíleach
  • Forbairt ar Chluichí Ríomhairí
  • Eolaíocht Anailíseach & Fóiréinseach
  • Eolaíocht Bithanailíseach
  • Eolaíocht an Bhia & Cothú
  • Altracht Tréidliachta
  • Staidéir Sláinte & Sóisialta Altracht.

Is iad seo na príomhréimsí taighde san LYIT: -

Taighde Feidhmeach i mBiteicneolaíocht Fuinneamh In-athnuaite / Malartach Cluichí Ríomhaire / Beochan Digiteach Leictreonaic, Táirgeadh agus Teicneolaíocht Nuálaíochta Teicneolaíocht Dóiteáin

Updated: Wed, 16 Dec 2009 10:13:00 GMT

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht