Eagraíocht
Bord Bainistíochta
Tá Bord Bainistíochta na hInstitiúide bunaithe faoi Alt 6 de na hAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta, 1992 go 2006. Tá feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta leagtha amach faoi Alt 8 d’Acht na bliana 2006. Bronnann na hAchtanna feidhm ar leith ar an Institiúid i ndáil le cur ar fáil cibé cúrsaí staidéir a mheasann an Bord Bainistíochta a bheith oiriúnach. Tugann sé feidhm don Bhord Bainistíochta na cláir agus na buiséid bhliantúla a cheadú agus líon agus téarmaí agus coinníollacha na foirne a shocrú faoi réir ag faomhadh ón Údarás um Ardoideachais.
Tá an Bord Bainistíochta déanta suas de Chathaoirleach, Seacht nDuine Dhéag atá ina ngnáth mbaill, agus Uachtarán na hInstitiúide. Is é/í an tAire Oideachais agus Eolaíochta a cheapann an Cathaoirleach. Maidir leis na seacht gnáthbhall déag, ceapann an tAire Oideachais agus Eolaíochta iad ar mholadh an Choiste Gairmoideachais, mar a leanas:
- Seisear ball a mbeidh triúr, ar a laghad, as a measc ina gcomhaltaí den rialtas áitiúil agus a bheas ainmnithe ag an Choiste Gairmoideachais.
- Dhá bhall lánaimseartha, fear amháin agus bean amháin, d’fhoireann acadúil na hInstitiúide, a bheas tofa ag an fhoireann acadúil de réir na rialachán atá leagtha síos ag an Bhord Bainistíochta.
- Duine amháin ón fhoireann neamhacadúil, a bheidh tofa ag an fhoireann neamhacadúil de réir na rialachán atá leagtha síos ag an Bhord Bainistíochta.
- Duine amháin ainmnithe ag Comhdháil na gCeardchumann.
- Cúigear ainmnithe ag an Choiste Gairmoideachais ó ainmhiúcháin ó eagraíochtaí a mheasann an Institiúid, ar mholadh ón Chomhairle Acadúil, gur chóir ionadaíocht a bheith acu, ag cuimhneamh ar ghníomhaíochtaí na hInstitiúide.


