Cead Isteach
Fáilte chuig an Oifig Iontrála
Cuidíonn an fhoireann Iontrála le mic léinn, tuismitheoirí agus múinteoirí le réimse de nithe praiticiúla ar an gcampas agus trí laethanta oscailte, féilte gairmeacha agus caidreamh scoile. Is féidir leo sonraí iomlána a thabhairt duit maidir le cúrsaí, riachtanais iontrála agus táillí agus tugann siad aire d’iarratais Lár-Oifig Iontrála (CAO) agus iarratais dhíreacha chuig ITLC. Ina theannta sin, tá an fhoireann Iontrála i bhfeighil na ngnásanna clárúcháin ar fad do mhic léinn, íocaíocht táillí agus taifid na mac léinn.
Caith súil ar na Geatabhealaí ar an suíomh gréasáin seo le haghaidh tuilleadh eolais ar an saol in ITLC.


